Bhí bliain iontach eile againn ar scoil ag céiliúradh Seachtain na Gaeilge.
Bhain gach éinne i bpobal na scoile an-sult as imeachtaí na coicíse.
Bhí an t-uafás ar siúl - rud éigean do gach duine.
Bhí an Gaeilgetón, an Litriútón agas an Gramatón ar siúil arís i mbliana - seans dár bpáistí iontacha an Ghaeilge iontach atá acu a thaispeáint agus a chur chun cinn. Bhí duaiseanna deasa ar fáil ar an lá.
Bhí deis ag cuid de na páistí freastal ar cheardlann innealtóíreachta a chuireadh ar fáil trí Ghaeilge dúinn.
Ghlac muid páirt in 'Scoil Amháin, Leabhar Amháin', ina mbíonn an pictiúirleabhar céanna á léamh i ngach seomra ranga sa scoil. Phioc muid an leabhar 'Níl Éisc le Trust'. Phléigh na ranganna éagsúla téamaí difriúla ón leabhar agus bhí gníomhaíochtaí éagsúla idir láimhe againn go léir, bunaithe ar an scéal.
Rinne na ranganna go léir an-obair go deo chun drámaí, amhránaíocht agus filíocht a chur ar an stáitse agus tháinig cuid mhór tuismitheoirí, seantuismitheoirí agus cuairteoirí eile chun iad a fheiceáil.
Ar bharr sin, thug muid cuireadh do Scoil Oileabhéar Naofa ó Bhaile an Bhiataigh teacht ar chuairt chugainn. Bhí seans acu drámaí na Naíonán agus dráma Rang 6 a fheiceáil. Is iontach deas é deis a bheith againn an Ghaeilge a roinnt taobh amuigh dár scoil féin i rith na seachtaine seo.
Bhíomar iontach sásta go bhfuair muid deis dul, mar scoil iomlán, ar thuras pictiúrlainne. Bhain gach éinne sult as scannán Spongebob a fheiceáil le chéile trí Ghaeilge - arís ag cruthú nach sa scoil amháin ina bhfuil an Ghaeilge beo beathach.
Chuir muid críoch le Seachtain na Gaeilge le ceol agus craic - céilí mór sa halla, gach duine gléasta in éadaí glasa agus ag baint lán taitneamh as an ceol, an rince agus an cultúr Gaeilge.
Táimid cheanna féin ag súil go mór leis an mbliain seo chugainn.
There was a lot going on - something for everyone.
The Gaeilgethón, the Litriútón and the Gramatón were on again this year - a chance for our wonderful children to show off and promote their wonderful Irish. There were some great prizes up for grabs on the day.
Some of the children had the opportunity to attend an engineering workshop which was provided to us through Irish.
We took part in 'Scoil Mháin, Leabhar Mháin', where the same picture book is read in every classroom in the school. We chose the book 'Níl Éisc le Trust'. The different classes discussed different themes from the book and we all had different activities, based on the story.
All the classes worked very hard to put on plays, songs and poetry and many parents, grandparents and other visitors came to see them.
In addition, we invited Scoil Oileabhéar Naofa from Baile an Bhiataigh to visit us. They had the opportunity to see the Infant plays and a Rang 6 play. It is wonderful to have an opportunity to share Irish outside of our own school during this week.
We were very happy that we got the opportunity to go, as a whole school, on a cinema trip. Everyone enjoyed watching the Spongebob movie together in Irish - once again proving that it is not only in school that the Irish language is alive and well.
We ended Seachtain na Gaeilge with music and craic - a big céilí in the hall, everyone dressed in green and enjoying the music, dance and Irish culture.
We are also really looking forward to next year.