Nuacht

AN FHOIRGNEAMH BUAN

21 Aibreáin 2016

 

 

 

 

13 Aibreáin 2016

Tá na ballaí ag fás!

 

 

 

5 Aibreáin 2016

Tá gach rud ag bogadh ar aghaidh.....


 

 

 

16 Márta 2016


 

 

10 Márta 2016

An tochailt ag tosú!



2 Márta

Tá na tógálaithe ag obair go dian ar an lá breá Earraigh seo.

Ár bPáirc Peile!!!

Ár Radharc Nua 25 Feabhra 2016

Tom Kelly a ghearr an ribín


 

Chas Cathal Mac Cearáin an fhód.


Tháinig DEICH mBLIAIN d'obair chrua agus tiomantas chun críche nuair a d’iompaigh Tm Kelly agus Cathal Mac Cearáin fód chun tús na n-oibreacha ar fhoirgneamh buan do Ghaelscoil Feasa Bhradáin ar Bhóthar an Mhuilinn a cheiliúradh.

Scoil nua-aimseartha atá oiriúnach do pháistí an 21ú haois, a bheidh suite taobh thiar de na seomraí réamhdhéanta atá ann. Osclóidh sí i mí Bealtaine 2017 tar éis togra tógála a thógfaidh 16 mí.

Ag an suíomh ar an Luan, is iad Tom Kelly agus Cathal Mac Cearáin a d’iompaigh fód. Bhí na sceitimíní le braith sa aer agus áthas an domhain ar chomhaltaí a chaith 10 mbliana ag streachailt chun an fhoirgneamh buan seo a fháil.

 



Bhí Cathal Mac Cearáin mar chathaoirleach ar an gcoiste bunaithe, agus is Cathaoirleach é ar an mbord bainistíochta ó osclaíodh an scoil sa bhliain 2007. D’oibrigh Cathal agus Siobhán Ní Dhúill (príomhoide) go dlúth leis an Roinn Oideachais agus leis na polaiteoirí áitiúla chun an pointe seo a shroichint. Is iad ailtirí Van Dijk a ceapadh chun an scoil nua-aimseartha seo a dhearadh agus P.J Mc Loughlin a thógfaidh an fhoirgneamh a chuimsíonn 16 seomra ranga, seomraí tacaíochta foghlama, seomraí acmhainne, aonad do pháistí le riachtanais speisialta, halla scoile, ionad bhog-shúgartha, clós shúgartha shóisearach agus dhá chúirt cispheile. I 2013, bhí an scoil san áireamh ar liosta tógála do 2015/16.

Ag labhairt dó ag fáiltiú sa scoil, chuir an tUasal Mhic Cearáin, Cathaoirleach an Bhoird Bhainistíochta fáilte roimh gach duine chuig an ócáid ​​agus dúirt go raibh siad ag tús an deireadh de ‘thuras fhada agus céasmhar’. Ghabh sé buíochas le Phil Reilly as a chuid tacaíochta sna laethanta tosaigh nuair a d’athchóirigh sé na seomraí feistis i CLG Naomh Colmcille chun scoil a dhéanamh astu thar oíche!


Thagair Siobhán an príomhoide do Confucius a thug le tuiscint nuair nach bhféadfaí spriocanna soiléire a bhaint amach, ní raibh le déanamh ach na céimeanna gníomhaíochta a athrú agus sin a déanadh sa scoil seo faoi threoir Chathail Mhic Cearáin a d’oibrigh gan stad gan staonadh chun an pointe seo a shroichint.
Thug sí ómós freisin do thuismitheoirí, mhuinteoirí, foireann na scoile agus do h-airí oideachais agus polaiteoirí áitiúla a bhí ina gcúnamh mór maraon le lucht an fhreasúra.


Bhí sceitimíní ar gach duine!!! Chanamar Óró sé do bheatha bhaile.

 

 

 

 
More Articles...
Logáil Isteach



We use cookies to improve our website and your experience when using it. Cookies used for the essential operation of the site have already been set. To find out more about the cookies we use and how to delete them, see our privacy policy.

I accept cookies from this site.

EU Cookie Directive Module Information