Éiteas

Is scoil il-chreidmheach í Gaelscoil an Bhradáin Feasa.

Cad is brí leis sin?

Cruthaíonn an scoil timpeallacht ina bhfuil meas ar chúlra spioradálta an pháiste is cuma cén dearcadh atá ag a c(h)lann. Cuirimid an clár céanna i bhfeidhm le scoileanna ‘Educate Together’.
Ceithre snáith atá sa chlár sin:
•    Forbairt móraltachta agus spioradáltachta
•    Comhionnanas agus cearta
•    Córais Creidimh
•    Eitic agus timpeallacht

Tá sé mar aidhm ag an snáith ‘Córais Creidimh’ eolas chriticiúil, tuiscint agus feasacht ar chórais creidimh agus conas mar a bhaineann siad lenár dtaithí saoil a thabhairt do pháistí.
Tugann an clár ‘Foghlaim le chéile’ eolas faoi na córais creidimh.Ní mhúineann sé go bhfuil an lámh in uachtar ag aon reiligiún amháin.
Tuigimd go bhfuil buntáistí leis an gcur chuige seo, ach nach n-oireann sé do gach clann. Mar shampla, braitheann scoil il-chreidmheach ar thuismitheoirí atá sásta ligint dá bpáistí fiosrú, agus a bheith nochtaithe do mheon reiligiúna eagsúla.Sa chás go mbíonn treoracha dochta reiligiúna á leanúint ag clann, ba cheart dóibh a bheith cinnte go n-oireann an t-éatos seo dóibh sula gcláraíonn siad sa scoil.
Creidimd go bhfuil freagracht ar thuismitheoirí agus ar eagraíochtaí pé reiligiúin is mian leo a mhúineadh dá bpáistí taobh amuigh d’am scoile. Ní fhágtar páiste ar lár riamh mar gheall ar a reiligiún áirithe féin.
Tuigimid, áfach, go mbíonn tuismitheoirí ag iarraidh ranganna reiligíúin foirmeálta dá bpáistí. Mar sin, tugann an bord bainistíochta cead d’ eagraíochtaí dheonacha ranganna a eagrú sa scoil taobh amuigh d’am scoile. De ghnáth, tacaíonn an eaglais chuí leo seo.

 
Logáil Isteach



We use cookies to improve our website and your experience when using it. Cookies used for the essential operation of the site have already been set. To find out more about the cookies we use and how to delete them, see our privacy policy.

I accept cookies from this site.

EU Cookie Directive Module Information