Stair na Scoile

I Mí Dheireadh Fómhair na bliana 2006 bhí an brionglóid ceánna ag cúpla duine a raibh cónaí orthu timpeall ar cheantar na hInse agus ar Dhroichead Átha. Bhuail siad lena chéile trí thimpiste agus gan amhras phléigh siad an bhrionglóid seo. Bheartaigh siad ar chruinniú poiblí a eagrú. Níor tháinig ach glaic daoine chuig an chruinniú. Ach, níor chuir an easpa suime stop leis an gcoiste áfach. Leanadar ar aghaidh ag treabhadh goirt na Roinne Oideachais, Gaelscoileanna agus an Fhorais patrúnachta. Faoi Mí Márta na bliana 2007 bhí os cionn 50 n-ainm ar liosta le tosú sa scoil i Mí Meán Fómhair. Bhí suíomh aimsithe, iarratas ar chead pleanála curtha isteach agus aitheantas sealadach faighte ón Roinn Oideachais chun Gaelscoil a oscailt.

Ceapadh Siobhaín Ní Dhúill mar phríomhoide in Mí Iúil 2007 agus go gairid ina dhiaidh sin ceapadh beirt mhúinteoir – Vanessa Ní Phreastúin agus Máire Treasa Ní Dhúbháin. D’éirigh leis an scoil cead pleanála a fháil ach faraoir cuireadh athchomharc isteach chuig an Bord Pleanála ina choinne. Tháinig an Cumann Lúthchleas Gaeil i gcabhair agus thug siad seomraí feistis ar iasacht.

Rinne an Bord Pleanála an cinneadh dearfach i leith na scoile Mí Márta  2008 agus tá an tógáil ag dul ar aghaidh ó shin. I Mí Meán Fómhair 2008 a osclaíodh fhoirgneamh nua – ár mbuíochas leis na daoine sin a raibh an bhrionglóid céanna acu!

I mbliana 2013, tá @373 páiste cláraithe sa scoil, ceathrar déag múinteoir príomh shrutha, príomhoide, ceathrar cúntóir riachtanais spesialta, triúr muinteoir tacaíochta foghlama, feighlí agus runaí lán-aimsireach sa scoil. Beidh an scoil ag fás go ceann 2 bhliain eile nuair a bheidh 16 rang sa scoil!!

 
Logáil Isteach



We use cookies to improve our website and your experience when using it. Cookies used for the essential operation of the site have already been set. To find out more about the cookies we use and how to delete them, see our privacy policy.

I accept cookies from this site.

EU Cookie Directive Module Information